Treoir maidir le socruithe inimirce agus ceadanna fostaíochta d’ealaíontóirí sorcais ó lasmuigh d’Éirinn, den AE/LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe
Faisnéis ghinearálta Ón 1 Samhain 2025, beidh ar ealaíontóirí sorcais nach saoránaigh Éireannacha, AE, LEE, Eilvéise nó RA iad agus ar mian leo oibriú in Éirinn ceadanna fostaíochta a bheith acu mura bhfuil cead acu oibriú sa Stát ar shlí eile. Láimhseálann an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (RFTF) iarratais ar cheadanna fostaíochta. RFTF [...]