Saoránacht

Searmanas Saoránachta curtha ar athló

15 Samhain, 2021|

Tá an searmanas saoránachta a bhí le bheith ar siúl san INEC i gCill Airne ar an 13 Nollaig 2021 curtha ar athló anois. Déanfar gach iarrthóir atá sceidealaithe le bheith i láthair ag an ócáid seo a éascú anois tríd an bpróiseas dearbhaithe reachtúil poist agus eiseoidh an Rannán Saoránachta comhfhreagras d'iarrthóirí ina leith seo go luath. Ba chóir go mbeadh ceisteanna maidir leis an gcur siar [...]

Coiste Fiosrúcháin Duine Aonair a bunaíodh chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhiúltuithe Saoránacht na hÉireann nuair a thagann imní faoi Shlándáil Náisiúnta chun cinn

22 Iúil, 2021|

Bunaíodh Coiste Fiosrúcháin um Dhuine Aonair inar féidir le daoine, ar diúltaíodh dá n-iarratas ar dheimhniú eadóirseachta (ar a dtugtar Saoránacht freisin), go hiomlán nó go páirteach, ar Ábhair Imní Slándála Náisiúnta, iarratas a dhéanamh ar chinneadh maidir le nochtadh na faisnéise a bhfuiltear ag brath uirthi agus iad ag diúltú dá n-iarratas. Beidh an Breitheamh John Hedigan ar scor ag freastal [...]

Osclaíonn an tAire McEntee próiseas sealadach chun saoránacht a dheonú le linn COVID-19

22 Iúil, 2021|

D'fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD, inniu go bhfuil córas sealadach i bhfeidhm a chuirfidh ar chumas iarratasóirí saoránachta a bpróiseas eadóirseachta a chur i gcrích trí dhearbhú reachtúil dílseachta don stát a shíniú. Tagann an dearbhú reachtúil sínithe seo in ionad an cheanglais atá ar iarratasóirí saoránachta freastal ar shearmanais saoránachta, a bhí go sealadach [...]

Fógra maidir le pas a sheoladh le d'iarratas ar Shaoránacht Nua

29 Meitheamh, 2021|

Chun cabhrú linn tús áite a thabhairt do phróiseáil iarratas ar shaoránacht thar mhíonna an tsamhraidh, iarrtar ar iarratasóirí gan iarratais agus pasanna a ghabhann leo a chur isteach idir an 25 Meitheamh 2021 agus an 30 Meán Fómhair 2021, má cheapann tú go mbeidh do phas ag teastáil uait le linn na tréimhse seo. Mura bhfuil tú cinnte an mbeidh do phas ag teastáil uait thar [...]

Tabhairt isteach eVetting d'iarratasóirí Saoránachta

29 Meitheamh, 2021|

Mar chuid dár dtiomantas don digitiú méadaithe, tá ríomh-Ghrinnfhiosrúchán tugtha isteach ag an Rannán Saoránachta mar chuid den phróiseas iarratais. Beidh an próiseas ríomh-ghrinnfhiosrúcháin seo ina riachtanas do gach iarratasóir fásta (cónaitheoirí Phoblacht na hÉireann) a iarrfar orthu níos déanaí sa phróiseas cinnteoireachta, tabhairt faoi phróiseas ríomh-ghrinnfhiosrúcháin na nGardaí nó Póilíní eile [...]

Téigh go dtí an Barr